Léightheoirí Nua Ag 'Angela´s Ashes' as Gaeilge

Baile Átha Cliath – Is minicí a aistrítear leabhra ó Ghaeilge go Béarla, ná a mhalairt.

Ocáid neamhghnáthach, dá bhrí sin, a bhí ann nuair a iarradh ar an scríobhnóir agus údar as Gaeilge,  Pádraig Breathnach,  leabhar Frank McCourt as Béarla, “Angela’s Ashes,” a aistriú go Gaeilge.

Cé gurb as Maigh Cuilinn i gCuntae na Gaillimhe ó dhúchas do Phádraig, tá cónaí air anois i Luimneach, áit cónaithe an t-údar Frank Mac Court. Tá cuid mhaith bailiúcháin gearrscéalta agus úrscéal scríobhtha aige, iad uilig as Gaeilge.

Agus é ar cuairt in Éirinn, dímigh eagarthóir Gaeilge ´Na Géanna Fiáine¨, Oisín Breatnach , i dteangabháil leis agus cé gurb am priaclach na Nollag a bhí ann, bhí sé sásta an agallamh a thabhairt. Do labhair Pádraig agus Oisin le chéile as Gaeilge, a dteangaí dúchais, rud is gnáthaí do ghaeilgeoirí . Dar le hOisín, bheadh sé foirmealta, drochbhéasach agus ait labhairt as Béarla le chéile. Bhí an t-údar an cháirdiúil agus lách, agus “ réitigh muid go h-an mhaith le chéile”.

Rinneadh an agallamh trí ríomhphostanna agus ar an nguthán, agus aistríodh go Béarla cuí é, a aontódh an t-údar leis.
San agallamh, nochtann Pádraig a dhearcaidh agus smaointí ar thábhacht leabhra a aistríu go Gaeilge, faoi bheith ina scríobhnóir as Gaeilge agus na deacrachtaí atá ag scríobhnóirí i nGaeilge san lá atá inniu ann, agus faoi conas is féidir athbheochaint na Gaeilge a aimsiú.

Labhaireann Pádraig freisin faoi frithghníomhú phobail Luimnigh  nuair a foilsíodh “Angela' s Ashes,” agus sástacht Ghaeilgeóirí maidir leis an bheirsean nua as Gaeilge. [To read the interview in English, follow this link -- WG]

Na Géanna Fiáine: Inis dúinn conas a thárla sé gur iarradh ort an leabhar seo a aistriú go Gaeilge.

Pádraig Breathnach (chlé): D’iarr Ionad Scríbhneoiri Luimnigh orm seo a dhéanamh mar ómós speisialta do Frank Mac Cuarta agus a fhréamhacha dúchasacha. 

Bhí leisce i dtosach orm óir bhí ceist agam faoi go raibh chuile dhuine in Éirinn in ann  an bunleagan a léamh dá dtogróidís air sin.  Chomh maith céanna ní rabhas chomh tógtha sin leis an leabhar, ar dúradh faoi go mba é ‘croí-leabhar na hainnise é,’ agus shíl mé go raibh barraíocht ainnise cheana féin i mo shaol.  Níor mheas mé go mbeadh mórán éilimh air.  Ach ansin á léamh go mall mion tháinig athrú tuairime orm agus sílim anois é ina chlasaic agus gur fiú leabhra cáiliúla Béarla a aistriú go Gaeilge súil le tuilleadh a spreagadh le Gaeilge a léamh.  Cé gur chloígh mé go dílis leis an mbunleagan i dtaca le stíl is eile de,  casadh ar roinnt daoine mé a dtaitníonn an leagan Gaeilge i bhfad níos mó leo ná an bunleagan Béarla agus ar mó a meas anois ar an gCuartach. WG

Na Géanna Fiáine: An bhfuil mórán difríochta ann idir leabhar faoi Éirinn a scríobh i nGaeilge seachas i mBéarla? 

Breathnach: Dáiríre, ní shílim go bhfuil.   Braitheann sé ar bháidh agus ar thuiscint an údair.  Más den chultúr áirid thú, agus cumas tréan sa dá theanga agat, ceapaim gur féidir leat eisint an ábhair a chur trasna go beomhar haigeanta i gceachtar den dá theanga oifigiúla.  Ach más ón taobh amuigh thú seans go mbeidh cuid den fhriotal mícheart.  Cuir i gcás duine éigin as Sasana ag plé le hÉirinn bheadh sé deacair air a bheith cruinn ceart óir is é is dóichí gur cúlra cathrach a bheadh aige nuair is cultúr tuaithe den chuid is mó a bhí in Éirinn go dtí le gairid.  Nó duine éigin as cathair na Gaillimhe, cuir i gcás, ag cur síos ar Mhaigh Cuilinn m’óigese,  bheadh sé deacair air an fhoclaíocht cheart Bhéarla a bheith aige óir bheadh Béarla an cheantair ag an am go mór faoi thionchar na Gaeilge.

'ANGELA'S ASHES' -- WORLD'S GREATEST MEMOIR,
'EPITOME OF MISERY'? --- WHAT'S YOUR TAKE?

Na Géanna Fiáine: Meas tú an bhfuil tionchar speisialta ag an leabhar seo ar mhuintir na hÉireann?

Breathnach: Is dóigh go bhfuil, i gceantracha bochta go háirid, cé nár mheas muintir Luimnigh, na bochtáin go príomhdha, go raibh sé cruinn ina gcás siad féin.  Níor thaithníonn an leabhar seo a chor ar bith le bunáite de sheanmhuintir Luimnigh.  Glan ina éadan a bhí/atá siad, ag rá go náir sé Luimneach agus a muintir.  ‘Bréaga’, a deireann siad, ‘ráiméis is áiféis!’  Is fuath leo na rudaí atá scríofa aige faoina mháthair freisin, agus faoin Eaglais.  Is fearr a chuaigh sé i bhfeidhm ar léitheoirí taobh amuigh de Luimneach, ach a lán acu sin freisin deireann siad gur dírithe ar Mheiriceá atá sé.  Is cinnte go bhfuil dearcadh níos báúla ag Meiriceánaigh de bhunadh na hÉireann air ná ag na hÉireannaigh féin.  Agus tá tarraingt aige ar bhochtáin ar fud an domhain mar nach bhfuil siad claonta ina aghaidh mar atá muintir Luimnigh.  Tá siad níos oibiachtúla faoi, nó níos bródúla go bhfuil dulta ar aghaidh chomh mór sin sa saol acu ó shin.  Níl siad ag rá gur scaip sé bréaga.  Ar ndóigh, ar aon chaoi, is cuimhní cinn óige atá ann ní dírbheathaisnéis.  Caithfear béim a chur air sin óir ní bhíonn na pictiúir chéanna ag aon bheirt faoi eachtraí a tharla, go háirid i bhfad siar le linn a gcuid óige.

Na Géanna Fiáine: An bhfuil aon chomparáid idir an saol úd i Luimneach agus saol do thuistí nó do mhuintir sa Ghaeltacht nó i nGaillimh?

Breathnach: Ba mhó de chomórtas ná de chomparáid é, a déarfainn.   Bochtanas de chineál eile a bhí faoin tuath, go háirid in áiteacha mar an nGaeltacht, nó an bhreac-Ghaeltacht mar a bhí i mo chás-sa.  Bhí dóthain gnáthbhia le fáil faoin tuath mar go raibh daoine in ann a gcuid féin a chur.  Gaeilge bhriste agus Béarla briste a labhair mise ag fás aníos dom, nár thuig mé ag an am aon locht a bheith air, ach  shíltí i gcathair na Gaillimhe go mba Ghaeilge a bhíos ag labhairt nuair a shíleas féin go mba Bhéarla í.  Béarla an-Ghaelach a bhí agam, struchtúir na Gaeilge ar fad ionann’s, i ngan fhios dom.  Ar ndóigh tá cuid de sin in Angela’s Ashes freisin.

Na Géanna Fiáine: Cé hiad na deacrachtaí a bhí agat an leabhar seo a aistriú go Gaeilge.

Breathnach: An deacracht ba mhó ná canúint a roghnú.   Gaillimheach mise ach ba Luimníoch a scríobh an leabhar.   Dúirt scoláirí liom go mba chóngaraí Gaeilge Luimnigh, nuair a bhí sí á labhairt mar theanga phobail ansin, do chanúint na nDéise ná do chanúint Chorca Dhuibhne.  Moladh dom mo chanúint féin a chur ag obair sa chomhrá agus Gaeilge chaighdeánach a úsáid sa téacs.  Ach is bídeach an ‘téacs’ atá sa leabhar, mura comhrá é is monológ é.  Thuig mé an-luath nach bhfeilfeadh Gaeilge chaighdeánach ná gramadach rialta, go millfí gluaiseacht is saoirse an tsaothair.  Smachtódh sí agus sheargódh sí an iomarca.  Bhainfeadh sé de spraoi is de spiorad an leabhair.  I ndeireadh báire roghnaigh mé an Ghaeilge bheo mar a chloistear í ar Raidió na Gaeltachta, ar TG4, agus sna scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil cúig cinn acu i gcathair Luimnigh.  Is ionann sin is meascán.  Chomh maith céanna tá os cionn ceathracha bliain caite agam féin i mo chónaí i Luimneach.  Pé ar bith é, níl amhras ach gur láidre canúint an Iarthair ná na canúintí eile san aistriúchán, cé go bhfuil Muimhneachas láidir freisin ann agus samplaí de chanúint Uladh, arae b’as Tuaim i gCo. Aontroma do m´athair, Malachy.

(Frank McCourt, thíos, ag siopa leabhair Housing Works i gcathair Nua Eabhrach  i 2007. Griangraf: David Shankbone)

Na Géanna Fiáine: Deir na foilsitheoirí go bhfuil súil acu go meallfaidh an togra seo daoine chun a thuilleadh leabhra a léamh as Gaeilge.  Mar scríbhneoir Gaeilge thú féin, inis dúinn an chaoi a mbraitheann tú faoina laghad daoine a léann Gaeilge.

Breathnach: Nuair a thugas faoin obair seo níor mheas mé go meallfaí breis léitheoirí i dtreo na Gaeilge,  ach ó foilsíodh an leabhar, nach bhfuil ann ach cúpla mí ó shin, tá m’intinn tar éis athrú.   Chreideas go mb’fhéidir go mbainfí úsáid as an aistriúchán seo i gcúrsaí aistriúcháin,  ach anois creidim freisin go bhfuil an seans ann go spreagfaidh sé ar a laghad beagán daoine ar ais chun na léitheoireachta Gaeilge.  Ag an seoladh i Luimneach cheannaigh bean óg, Dania, as an nGailís (Galicia) 5 chóip le cur abhaile cé nach raibh Gaeilge ar bith aici.  Tharla an rud céanna i Nua Eabhrac, formhór na ndaoine a cheannaigh an leabhar ansin,  ní raibh ach beagán Gaeilge acu ach bhí cóip uathu mar chuimhneachán.  Anseo i Luimneach arís tháinig roinnt daoine i dteagmháil liom ag rá gur mó a fheileann an Ghaeilge don saol a bhfuil air ná an Béarla.  

Cé mar a bhraithim mar scríbhneoir Gaeilge faoina laghad léitheoirí  is atá agam?  Ní smaoiním air.  Déanaim dóigh de mo bharúil go léifidh cúpla duine mo chuid, ach is dom féin is mó a scríobhaim, agus bím ar mo dhícheall ag iarraidh mé féin a shásamh.

Na Géanna Fiáine: Cé mhéid foilsitheoirí as Gaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann?  Abair linn faoi na fadhbanna atá ag na foilsitheoirí sin agus na dúshláin atá rompu.

Breathnach: Tá ar a laghad cúigear foilsitheoirí ‘móra’ ag plé le foilseacháin Ghaeilge agus chuirfeadh tuilleadh corrleabhar amach.  Is éasca agus is saoire leabhair a fhoilsiú ar na saolta seo ná cheana i ngeall ar an teicneolaíocht.  Bíonn deontais áiride ag imeacht.  Ar ndóigh, ba dheacair maireachtáil mhaith a dhéanamh ar an bhfoilseoireacht Ghaeilge amháin.   Ach is féidir leabhar a chur amach réasúnta éasca agus ní gá díolachán an-mhór a bheith air d’fhonn costaisí a ghlanadh.  

Is cinnte fadhbanna agus frustrachas ag baint leis an bhfoilsitheoireacht Ghaeilge, go háirid le dáiliú na leabhar.   Ar go leor bealaí tá foilsiú leabhar Gaeilge i dtuilleamaí na díograise!

Na Géanna Fiáine: Céard a cheapann tú faoi na gearraí siar atá an rialtas a dhéanamh ar an nGaeilge in ainneoin go ndeireann siad go bhfuil siad ag tacaíocht léi?

Breathnach: Faoi láthair in Éirinn tá cúrsaí géilleagair go dona agus más ea tá ciorruithe déanta ar chuile shórt.  Is mó an locht a fhaighimse ar an bpobal ná ar an rialtas i dtaca le Gaeilge de mar go mbeadh tacaíocht níos láidre rialtais le fáil dá mbeadh éileamh níos láidre ó thromlach an phobail.  Tá Gaeilge bhreá ag an-chuid den rialtas faoi láthair agus iad sásta í a labhairt nuair a lorgaítear í.  Ar ndóigh, d’fhéadfaí a áiteamh dá spáinfidís cinnireacht níos mó go dtiocfadh an pobal leo, b’fhéidir; ach ní bheinn róchinnte.  Ar an mórgóir leanann polaiteoirí sruth an phobail.  Ba mhaith liom go dtacódh an rialtas níos tréine leis na Gaelscoileanna mar feictear dom go bhfuil bunchloch ansin ar a bhféadfaí tógáil.  Meánscoileanna a bhunú.  Creidim go dtiocfadh an pobal le cinní dearfacha mar sin.

Na Géanna Fiáine: Céard atá ar na bacáin agat féin faoi láthair maidir le scríbhneoireacht de?

Breathnach: Tá úrscéal úr á scríobh agam, úrscéal campais, ar ábhar é nach bhfuil le fáil fós i nGaeilge air.  Agus, ar nós chuile dhuine eile faoi láthair, táim ag breacadh cuimhní cinn!

Nóta ón eagarthóir: D´fhoilsigh Ionad Scríobhnóirí Luimní , eagras gan brabhús a bunaiodh chun tacú le scríobhnóirí agus iad a chothú , an leabhar“Luaithreach Angela”.  Go nuige seo, tá 200 cóip díolta den eagrán teoranta seo arsa  Dominic Taylor, an eagarthóir tógra. Is féidir cóipeanna a cheannach ar an ngréasán, ag www.limerickwriterscentre.com.

Views: 643

Tags: Angela's Ashes, Antrim, Arts, Baile Átha Cliath, Books, Dublin, Frank McCourt, Gaeilge, Gaelscoileanna, Galway, More…Limerick, Literature, Moycullen, Toome

Comment

You need to be a member of The Wild Geese to add comments!

Join The Wild Geese

The Wild Geese Shop

Get your Wild Geese merch here ... shirts, hats, sweatshirts, mugs, and more at The Wild Geese Shop.

Irish Heritage Partnership

ZenBusiness:
Start a Business Today!

Adobe Express:
What will you create today?


Adverts

Extend your reach with The Wild Geese Irish Heritage Partnership.

Congrats to Our Winners

© 2024   Created by Gerry Regan.   Powered by

Badges  |  Report an Issue  |  Privacy Policy  |  Terms of Service